Caution: JavaScript execution is disabled in your browser or for this website. You may not be able to answer all questions in this survey. Please, verify your browser parameters.
Plean Corparáideach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2024-2029

Plean Corparáideach - Céard é féin?

Gach 5 bliana, bíonn dualgas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Plean Corparáideach nua a ullmhú ina leagtar amach fís agus ráiteas misin do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, na croíluachanna a chuireann bonn eolais faoi obair na Comhairle, a Spriocanna Corparáideacha agus a tosaíochtaí straitéiseacha agus an cur chuige le seirbhísí do théarma nua na Comhairle a sholáthair.

Feidhmeoidh an Plean Corparáideach mar chreat straitéiseach gníomhaíochta na Comhairle le linn shaolré na Comhairle reatha, 2024-2029.

Cad é cuspóir an Chomhairliúcháin seo?

Faoin Acht Rialtais Áitiúil, teastaíonn cur chuige cuimsitheach trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara chun an Plean Corparáideach a chur i dtoll a chéile.

Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo deis a thabhairt duit ionchur a bheith agat sa bpróiseas déanta pleananna, lena chinntiú go bhfuil sé ábhartha, agus úinéireacht ar an bplean a spreagadh.

Cuirtear fáilte roimh do chuid tuairimí agus aiseolas, rud a chabhróidh linn a aithint céad atá tábhachtach duitse, dár bpobail, dár ngnólachtaí, agus dár bpáirtithe leasmhara iomadúla ar fud na cathrach.

Breithneofar d'aiseolas ar threo straitéiseach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe thar thréimhse an Phlean nua le linn a dhréachtú go dtí go gcuirfear é faoi bhráid an an Phleain Chorparáidigh.

Ba chóir go dtógfadh an suirbhé cúpla nóiméad le líonadh isteach.

Is é Dé hAoine an 18 Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta chun aiseolas a roinnt. 

NOTE: Please Save your application as you progress using the three dots at the top-right of the page.
[Galway City Council Privacy Policy]